Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar Ealaín na hArdteistiméireachta

Cuirtear sonraíocht Ealaín na hArdteistiméireachta i láthair i dtrí shnáithe idirghaolmhara agus atá spleách ar a chéile.

specification structure

Cuirtear an tsonraíocht i láthair i dtrí shnáithe: Taighde, Cruthú agus Freagairt. Ní hionann é sin is a rá go mbeidh siad san ord líneach sin i gcónaí. Bíonn gach snáithe ag brath ar an dá snáithe eile agus bíonn siad uile fite fuaite ina chéile agus ag tacú leis an bpróiseas ealaíne.

Léirítear sna snáitheanna seo atá nasctha lena chéile agus a bhraitheann ar a chéile, is iad na snáitheanna sin Taighde, Cruthú agus Freagairt, tábhacht an caidrimh shiombóisigh idir an foghlaimeoir, an obair phraiticiúil a dhéanann sé, a thuiscint ar shuíomh agus an bhéim ar Amharcstaidéar ina shaothar. Tugtar an tAmharcstaidéar ar léiriú físiúil ar gach gné de chultúr, a chruthaigh sochaithe san am atá thart, sochaithe nua-aimseartha le deireanaí agus sochaithe comhaimseartha. Féadfaidh sé an meán inar cuireadh na smaointe sin a bhí mar bhonn taca dá gcruthú in iúl, mar aon leis an mbunús taobh thiar de thaispeántais a choimeádtar i ndánlanna nó in iarsmalanna. I ngach ceann de na trí shnáithe, tabharfaidh an foghlaimeoir aghaidh ar shamplaí den Amharcstaidéar mar aon leis an obair phraiticiúil a dhéanfaidh sé.

Snáithe Taighde

Foghlaimeoidh an scoláire le taighde amhairc a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas taighde, foghlaimeoidh sé le spreagthach a roghnú, bunfhoinsí cuí a roghnú agus a fhorbairt, ciall a bhaint as a smaointí féin, comhthéacs a thabhairt dóibh agus níos mó forbartha a dhéanamh orthu. Sa snáithe seo tugtar aghaidh ar mhodhanna taighde a úsáidtear taobh istigh d’ábhar amhairc, lena n-áirítear taifead na modhanna sin i mbloc sceitseála amhairc. Beidh deis ag an bhfoghlaimeoir a cheantar féin, lena n-áirítear dánlanna, iarsmalanna, ailtireacht, dealbha poiblí agus níos mó, a úsáid le haghaidh cuspóirí taighde.

Snáithe Cruthaithe

Beidh an foghlaimeoir ag gabháil do phróiseas chun ealaín a chruthú, idir é a cheapadh go gcuirtear i gcrích é, ag úsáid réimse scileanna agus ábha(i)r a roghnú, mar is cuí. Cruthóidh sé saothar bunaithe ar spreagthach tosaigh, tabharfaidh sé freagairt air agus déanfaidh sé é a fhorbairt de réir mar a théann an obair chun cinn.

Snáithe Freagartha

Ní mór don fhoghlaimeoir a thuiscint go mbíonn an deis aige freagairt, agus go dtabharfaidh sé freagairt, ar shaothar ealaíne, cibé ar leis féin nó le scoláire eile é. Foghlaimeoidh sé céim a thógáil siar óna obair féin agus machnamh criticiúil a dhéanamh uirthi. Foghlaimeoidh an foghlaimeoir faoi ghnéithe den Amharcstaidéar agus foghlaimeoidh sé ó na gnéithe sin, agus cuirfidh siad seo lena eolas ar an Ealaín agus beidh na rudaí sin mar bhonn eolais dá thuairimí ar a obair féin agus obair daoine eile.

Dearadh an tsonraíocht Ealaíne le haghaidh 180 uair an chloig d’am ranga.

Bhí forbairtí le déanaí i dtaobh curaclaim agus measúnaithe sa tsraith shinsearach dírithe ar phríomhscileanna a leabú laistigh de thorthaí foghlama. Bíonn cur chuige difriúil maidir le measúnú ag gabháil leis sin inar féidir leis an scoláire freagairtí a chumadh ina léirítear doimhneacht a chuid tuisceana. Ní mór breithniú cúramach a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir eolas agus scileanna sa churaclam agus san fhoghlaim nuair a bhíonn príomhscileanna á leabú, agus nuair a bhítear ag aimsiú bealaí cuí lena measúnú.

pie chart

Sainaithníodh cúig scil atá lárnach don teagasc agus don fhoghlaim i ngach cuid de churaclam na sraithe sinsearaí. Is iad sin: Próiseáil faisnéise; a bheith éifeachtach go pearsanta; cumarsáid; smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach; agus obair le daoine eile. Is tábhachtach go ndéanfadh an uile fhoghlaimeoir na príomhscileanna sin a fhorbairt chun a lánacmhainneacht a chomhlíonadh, le linn a laethanta scoile agus ina ndiaidh. Tabharfaidh sé sin deis dó páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, lena n-áirítear saol an teaghlaigh, saol na hoibre agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Ceapadh an tsonraíocht seo chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir scileanna a fhorbairt de réir mar a chuireann sé lena chuid eolais agus tuisceana ar Ealaín agus a fhorbraíonn sé dearcthaí dearfacha i leith na foghlama. Tá na príomhscileanna fite fuaite i dtorthaí foghlama na sonraíochta agus déanfar iad a mheasúnú ag féachaint don mheasúnú ar na torthaí foghlama.

Rachaidh an foghlaimeoir i ngleic le bunchoincheapa na hEalaíne trí rannpháirtíocht i moll gníomhaíochtaí foghlama ina dtabharfaidh sé aghaidh ar na príomhscileanna ar bhealach comhtháite.
Tabharfaidh an foghlaimeoir aghaidh ar na príomhscileanna a bhaineann le Próiseáil Faisnéise de réir mar a dhéanann sé taighde ar smaointe ealaíontóirí eile agus ar a bhreathnuithe agus ar a líníochtaí féin a thaifead sé ar an saol mórthimpeall air, bíonn na taifid seo chomh tábhachtach leis an taighde a dhéanfaidh sé ar smaointe an ealaíontóra. Foghlaimeoidh sé chun smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach de réir mar a úsáideann sé a bhreathnuithe agus a eolas féin chun a chur chuige féin a chruthú le freagairt a thabhairt ar spreagthach.

Is tríd an gcruthú sin a fheiceann an foghlaimeoir an gá atá ann a rún a chur in iúl go soiléir do lucht féachana éagsúil ionas go dtuigfear a smaointe agus an saothar. Uaireanta, oibríonn foghlaimeoirí le chéile agus foghlaimeoidh siad óna chéile ar an mbealach seo, ach níos tábhachtaí ná sin, beidh siad gníomhaí in eispéireas sóisialta agus beidh orthu tuiscint a fhorbairt ar dhinimic idir daoine éagsúla. Teastóidh an scil seo de réir mar a bhogann siad ar aghaidh ón scoil agus nuair is daoine fásta sa tsochaí iad. Ach, chun an ról sin mar bhall na sochaí a chomhlíonadh, caithfidh an foghlaimeoir a bheith feasach go gcaithfear na scileanna seo a fhorbairt chun a bheith éifeachtach go pearsanta sa saol. Ní mór dó tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le spriocanna pearsanta a leagan amach, le hoibriú de réir sceidil nó spriocdháta, ábhair a roghnú agus a úsáid go héifeachtach agus obair a dhéanamh as a stuaim féin. Bíonn sé seo níos tábhachtaí fós má oibríonn sé agus má chónaíonn sé i réimse ina bhfuil ról lárnach ag an Ealaín ann, toisc gur minic a thagann an spreagadh chun saothar a chruthú ón taobh istigh.

Spreagtar an foghlaimeoir na sraithe sinsearaí an t-eolas, na scileanna agus na luachanna a fhorbairt a chuirfidh ar a chumas a bheith níos neamhspleáiche mar fhoghlaimeoir agus a bheith tiomanta d’fhorbairt a chuid foghlama ar feadh a shaoil.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin, níor cheart go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Barrfheabhsaítear rannpháirtíocht agus foghlaim an fhoghlaimeora trí thaithí iomlán chomhtháite ar na trí shnáithe. Beifear ag súil go dtabharfaidh an foghlaimeoir faoi réimse leathan gníomhaíochtaí a thacóidh le cur chuige fiosrúcháin ar feadh a thaithí ar an Ealaín, agus go ngabhfar a bhformhór ina bhloc sceitseála Ealaíne. Cuirfidh an foghlaimeoir lena chuid eolais, scileanna agus luachanna de réir a chéile agus é ag dul tríd an tsraith shinsearach.

Ní féidir torthaí foghlama na hEalaíne a bhaint amach go hiomlán trí staidéar a dhéanamh ar ábhar nó scileanna a fhorbairt in aon snáithe amháin. Agus é ag pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim, cuireann an múinteoir leis an eolas, na scileanna agus na luachanna atá ag an bhfoghlaimeoir cheana féin, agus bealaí nua a shainaithint tríd an tsonraíocht ina dtéann an foghlaimeoir ar aistear tuisceana; tosaíonn sé leis an mbuneolas atá aige cheana féin, ansin foghlaimíonn sé níos mó, agus ansin cuireann sé a eolas i bhfeidhm ar chásanna níos casta de réir a chéile. Ba cheart go mbeidh an foghlaimeoir níos neamhspleáiche faoi dheireadh na sraithe sinsearaí, agus ba cheart go mbeidh sé ar a chumas aige eolas a mheas, tuairimí a chur le chéile agus rún a chur in iúl san obair a chruthaíonn sé féin mar aon leis an ealaín a bhfoghlaimeoidh sé fúithi.

Tacaíonn an Ealaín leis an bhfoghlaimeoir agus é ag forbairt straitéisí foghlama traschuraclaim a chuirfidh ar a chumas foghlaim go neamhspleách. Mar aon le straitéisí teagaisc éagsúla a úsáid, úsáidfear réimse straitéisí measúnaithe chun tacú leis an bhfoghlaim agus chun aiseolas luachmhar a thabhairt don scoláire. Ar an mbealach seo, is féidir na gníomhaíochtaí teagaisc ag an tsraith shinsearach a chur in oiriúint do riachtanais an fhoghlaimeora aonair. De thoradh tascanna cuí agus mealltacha a shocrú, ceisteanna ard-oird a chur, agus aiseolas a thabhairt a chuireann neamhspleáchas an fhoghlaimeora chun cinn, tacóidh an measúnú le foghlaim chomh maith le hachoimre a thabhairt ar ghnóthachtáil.

Tá raon réimsí cleachtais ar fáil taobh istigh den Ealaín don fhoghlaimeoir chun staidéar a dhéanamh orthu. Cé nach mbeidh siad uile ar fáil i suíomh scoile ar leith, féadfaidh an foghlaimeoir staidéar a dhéanamh ar na réimsí cleachtais sin atá ar fáil dó trí mheáin thraidisiúnta, chomhaimseartha, nua agus/nó na meáin dhigiteacha nó meascán de na meáin sin. Trí réimse/réimsí cleachtais a roghnaíonn an foghlaimeoir féin, úsáideann sé meáin chun idirghníomhú, cruthú, nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le daoine eile.

Tugtar an tAmharcstaidéar ar léiriú físiúil ar gach gné de chultúr, a chruthaigh sochaithe san am atá thart, sochaithe nua-aimseartha le deireanaí agus sochaithe comhaimseartha. Trí thaighde, cruthú agus freagairt, foghlaimeoidh an foghlaimeoir leis an obair a dhéanann sé féin, agus saothair ealaíontóirí eile, a aithint agus a thuiscint. Cuimsítear réimsí éagsúla lena n-áirítear mínealaín, dearadh agus ceardaíocht i réimsí meán traidisiúnta, comhaimseartha, nua agus/nó digiteach leis an téarma ealaín sa tsonraíocht seo. Ach an teanga chuí chriticiúil agus fhísiúil a úsáid, cuirfear ar chumas an fhoghlaimeora an disciplín agus an úsáid meán trínar cuireadh na saothair sin in iúl a mheas, tuiscint ar na smaointe agus comhthéacsanna is bonn lena gcruthú ina measc. Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfidh an foghlaimeoir a ról féin mar ealaíontóir. De réir mar a fhoghlaimíonn sé níos mó faoin Amharcstaidéar, d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar a chuid smaointeoireachta agus déanta féin. Chun cabhrú leis sin, forbraíodh Creat Amharcstaidéir. Féachtar le trí phríomhcheist atá tábhachtach don Amharcstaidéar a fhreagairt: Céard a cruthaíodh? Cén chaoi ar cruthaíodh é? Cén fáth ar cruthaíodh é? Cuirfear treoirlínte ar leith ar fáil faoin Amharcstaidéar chun tacú leis an tsonraíocht seo.

Déantar idirdhealú ar shonraíocht Ealaín na hArdteistiméireachta ar thrí bhealach:

  • trí thorthaí foghlama na sonraíochta
  • i bpróiseas an teagaisc agus na foghlama
  • trí mheasúnú.

Idirdhealú trí thorthaí foghlama na sonraíochta

Ba cheart go bhféadfadh gach foghlaimeoir na torthaí foghlama a bhaint amach, ar a leibhéal inniúlachta féin. Cuireann siad chun cinn próisis teagaisc agus foghlama a fhorbraíonn eolas agus tuiscint an fhoghlaimeora de réir a chéile, a chuireann ar a chumas eolas a fhreagairt, a anailísiú, a mheas agus a chur i bhfeidhm le cásanna éagsúla de réir mar a théann sé chun cinn. Mar shampla, cé gur féidir leis an bhfoghlaimeoir ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal ‘anailís chriticiúil’ a dhéanamh, scrúdaítear an comhthéacs, an fhaisnéis agus na torthaí ag leibhéil dhifriúla.

Idirdhealú sa teagasc agus san fhoghlaim

Teastaíonn tacaíocht de mhéid agus de chineál difriúil ón bhfoghlaimeoir ionas go n-éireoidh leis. Beidh éileamh difriúil le sonrú sna gníomhaíochtaí foghlama éagsúla mar go mbíonn smaointe agus leibhéil eolais, scile agus tuisceana éagsúla ag an bhfoghlaimeoir ina leith. Beidh an foghlaimeoir in ann idirghníomhú ar a leibhéal féin trí úsáid a bhaint as straitéisí i dtaobh foghlaim idirdhealaithe, cosúil le leibhéal na scileanna a theastaíonn a athrú, méid agus cineál idirghabháil an mhúinteora a athrú mar aon le luas agus ord na foghlama a athrú.

Féadann múinteoir riachtanais agus spéis a fhoghlaimeoirí ar fad a shásamh trí na féidearthachtaí ar fad atá ar fáil dóibh tríd an Ealaín. Féadfaidh múinteoir, agus idirdhealú ina sheomra ranga á phleanáil aige, modhanna fiosrúcháin a úsáid le díriú ar eolas praiticiúil agus forbairt scileanna nó chun eolas agus tuiscint an fhoghlaimeora ar shamplaí den Amharcstaidéar a mhéadú. Ach an dá rud a nascadh, tabharfaidh an múinteoir deis don fhoghlaimeoir smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach faoin saothar agus faoi na próisis a bhfuil sé páirteach iontu agus ábharthacht na samplaí de shaothar agus próisis cosúil leis a fheiceáil trí thaithí ar an Amharcstaidéar. Féadfaidh an múinteoir mionathrú a dhéanamh don fhoghlaim bunaithe ar an saothar agus na próisis a dtugtar fúthu sa seomra ranga ionas go gcuireann sé le riachtanais a fhoghlaimeoirí. Mar shampla, féadfaidh an múinteoir tosú trí dhíriú ar an bhfoghlaim trí thopaicí a bhfuil spéis áitiúil iontu a úsáid sula leathnaítear é seo chun cultúr na hÉireann nó an domhain a chuimsiú.

Idirdhealú sa mheasúnú

Beidh an measúnú ar Ealaín na hArdteistiméireachta bunaithe ar na torthaí foghlama sa tsonraíocht. Déanfar an foghlaimeoir a mheas ar dhá leibhéal – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Féadfar na torthaí foghlama ar fad a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal. I gcás an Ardleibhéil, déanfar na torthaí foghlama a mheasúnú de réir an leibhéil scile is airde mar a léirítear i mbriathar gnímh an toraidh foghlama. I gcás an Ghnáthleibhéil, déanfar na torthaí foghlama a mheas de réir meánleibhéal scile; ní mór buntuiscint ar eolas, scileanna agus luachanna, agus a gcur i bhfeidhm, a léiriú agus beifear ag díriú ar an méid sin.

Sna comhpháirteanna measúnaithe phraiticiúil – an obair chúrsa phraiticiúil agus sa scrúdú a ndéanfar feitheoireacht air – beidh an spreagthach mar a chéile don dá chomhpháirt ag Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Beidh feidhm ag idirdhealú sa chaoi a ndearna an foghlaimeoir taighde agus ar phróiseáil sé a chuid smaointe agus eolas, an chaoi ar chuir sé eolas agus scileanna i bhfeidhm mar a dhéanann sé a smaointe féin a mheas, agus ar oibrigh sé chun dhá shaothar chríochnaithe a chruthú. Is féidir idirdhealú a chur i bhfeidhm freisin agus measúnú á dhéanamh ar a fhreagraí lena chuid saothair agus taighde agus i dtáirgeadh a shaothair críochnaithe agus bunaidh.

Sa scrúdú scríofa in Ealaín na hArdteistiméireachta, déanfar measúnú ar dhá leibhéal – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Éileoidh na ceisteanna scrúdaithe go léireoidh an foghlaimeoir eolas, tuiscint, cur i bhfeidhm, anailís agus meastóireacht atá cuí do gach leibhéal. Beidh idirdhealú le sonrú sa mheasúnú freisin tríd an ábhar spreagthach a úsáidtear sa scrúdú, agus trí na tascanna a thugtar do na foghlaimeoirí ar an dá leibhéal.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.